Skip to main content

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas Bainistithe Sonraí (AST 3), ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith i do náisiúnach den Aontas Eorpach agus cearta iomlána mar shaoránach den Aontas a bheith agat.
     
  • Eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C1) agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal B2).
     
  • Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:
    • staidéar iar-mheánoideachais dhá bhliain ar a laghad a bheith críochnaithe agat, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse atá ábhartha don réimse atá roghnaithe agat, agus taithí oibre ábhartha 3 bliana ar a laghad agat a fuarthas ina dhiaidh sin;
      sin nó
    • céim Baitsiléara (in aon réimse) agus dioplóma ábhartha a fuarthas ina diaidh (amhail teastas iarchéime, dioplóma iarchéime, céim Máistir, PhD). Sa chás sin, ní gá taithí ghairmiúil a bheith agat;
    • sin nó
    • leibhéal meánoideachais a bheith agat ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-iar-mheánoideachas, agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad agat a fuarthas ina dhiaidh sin.
       

Tá na riachtanais bheachta éagsúil ó réimse go chéile. Ní mór d’iarrthóirí an fógra comórtais a cheadú chun na sonraí uile a fháil.