An próiseas roghnúcháin – Trialacha
Sa phróiseas roghnúcháin don chomórtas Iniúchóireachta (AD 7) tá trialacha réasúnaíochta ar líne, triail réimse-shonrach agus aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh le déanamh. Féadfaidh sé go mbeidh na trialacha sin go léir le déanamh ar an lá céanna nó ar laethanta éagsúla. Cuirfear dátaí beachta gach trialach in iúl do gach iarratasóir tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh.
Tá na sonraí ar fad le fáil san fhógra comórtais.
Féadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha.