An próiseas roghnúcháin – Trialacha
Sa phróiseas roghnúcháin don chomórtas TFC (AD 7) tá trialacha réasúnaíochta ar líne, triail réimse-shonrach agus aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh le déanamh.
Féadfaidh sé go mbeidh na trialacha le déanamh ar an lá céanna nó ar laethanta éagsúla. Cuirfear dátaí beachta gach trialach in iúl do gach iarratasóir tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh.
Féadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha.
Tá tuilleadh sonraí le fáil san fhógra comórtais.
Foilseofar an t-eolas ar fad maidir le dátaí na dtrialacha, na hábhair agus na torthaí ar leathanach an chomórtais, agus cuirfear an méid sin in iúl d’iarrthóirí trí Thairseach na nIarrthóirí, a luaithe a dheimhneofar é.