An próiseas roghnúcháin – Trialacha
Mar chuid den phróiseas roghnúcháin don chomórtas Bainistithe Sonraí (AST 3) tá trialacha réasúnaíochta ar líne (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí), triail réimse-shonrach, agus aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh le déanamh. Is ródhócha go mbeidh na trialacha uile le déanamh an lá céanna.
Féadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha.
Foilseofar an t-eolas ar fad maidir le dátaí na dtrialacha, na hábhair agus na torthaí ar leathanach an chomórtais, agus cuirfear an méid sin in iúl d’iarrthóirí trí Thairseach na nIarrthóirí, a luaithe a dheimhneofar é.
Tá tuilleadh sonraí le fáil san fhógra comórtais, agus ní mór do na hiarrthóirí uile sin a léamh go cúramach.