An próiseas roghnúcháin – Trialacha
Sa phróiseas roghnúcháin don chomórtas do dhlítheangeolaithe (AD 7) is gá trialacha réasúnaíochta ar líne (réasúnaíocht bhriathartha, uimhriúil agus theibí), triail ar dhlí an Aontais Eorpaigh, triail aistriúcháin agus triail athbhreithniúcháin ar aistriúchán a dhéanamh. Is ródhócha go mbeidh na trialacha uile le déanamh an lá céanna.
Is mar seo a leanas a úsáidfear na teangacha sna céimeanna éagsúla de na comórtais mar atá sonraithe thíos.
| Trialacha | Teangacha |
| Trialacha réasúnaíochta | Teanga 1 |
| Triail i ndlí an Aontais Eorpaigh | Teanga 1 |
| Triail aistriúcháin | Ó theanga 2 (Fraincis) go teanga 1 |
| An triail athbhreithnithe ar aistriúchán | Athbhreithniú a dhéanamh ar théacs meaisínaistrithe i dteanga 1 a scríobhadh i dteanga 3 ar dtús |
Foilseofar an t-eolas ar fad maidir le dátaí na dtrialacha, na hábhair agus na torthaí ar leathanach an chomórtais, agus cuirfear an méid sin in iúl d’iarrthóirí trí Thairseach na nIarrthóirí, a luaithe a dheimhneofar é.
Tá tuilleadh sonraí le fáil san fhógra comórtais.