Skip to main content

Na príomhdhualgais

I do cháil mar riarthóir TFC (AD 7), d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ar na cúraimí a bheidh ort:

Bonneagar TFC

  • Bonneagar TFC fiontair a dhearadh, a oibriú agus a bhainistiú (mar atá córais, bunachair sonraí, stóráil, feidhmchláir, seirbhísí san ionad oibre digiteach)
  • Líonraí, seirbhísí céannachta agus rochtana, agus cibearshlándáil a bhainistiú
  • Oibríochtaí TFC agus bainistíocht seirbhíse a sholáthar
  • Rannchuidiú le hailtireacht bhonneagair, uathoibriú, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn (ina measc sin an ríomhaireacht ardfheidhmíochta agus teicneolaíochtaí candamacha), chomh maith le maoirseacht foirne

Bainistiú tionscadal TFC

  • Tionscadail, cláir agus punanna TFC a bhainistiú ar feadh na saolré iomláine
  • Réitigh a shainiú trí anailís ghnó agus theicniúil, pleanáil agus comhordú acmhainní
  • Monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht, cáilíocht agus comhlíonadh an tsoláthair
  • Páirtithe leasmhara, foirne, gníomhaíochtaí tástála agus conarthaí a chomhordú

Néalríomhaireacht agus líonraí

  • Bonneagair néalríomhaireachta agus líonra a dhearadh agus a oibriú
  • Seirbhísí céannachta, slándála agus cosanta líonraí a bhainistiú
  • Feidhmíocht seirbhíse, infhaighteacht, athléimneacht agus bainistiú teagmhas oibríochtúil a chinntiú
  • Rannchuidiú le hailtireacht, caighdeáin, rialachas seirbhíse agus bainistiú soláthraithe

Eolaíocht sonraí

  • Ailtireachtaí sonraí, píblínte agus córais mhórscála próiseála sonraí a dhearadh
  • Samhaltú staitistiúil, meaisínfhoghlaim agus ardteicnící anailísíochta a chur i bhfeidhm
  • Réitigh comhtháthaithe sonraí, APInna, uirlisí léirshamhlaithe agus léargais uathoibrithe a fhorbairt
  • Oibríochtaí meaisínfhoghlama (MLOps), rialachas sonraí agus réitigh ríomhaireachta ardfheidhmíochta a chur i bhfeidhm


Tá eolas mionsonraithe le fáil san fhógra comórtais, rud atá le fáil ar an leathanach iarratais ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Tús a chur leis’ thíos.