Na gnáthdhualgais
I do cháil mar riarthóir TFC, d’fhéadfadh an méid seo a leanas a bheith ar na cúraimí a bheidh ort:
Intleacht shaorga (IS)
- Réitigh IS ó cheann go ceann a dhearadh, a thógáil, a bhailíochtú agus a oibriú (speisialtóireacht theicniúil in IS)
- Úsáid IS atá comhlíontach, inchosanta agus inscálaithe a chinntiú (speisialtóireacht i rialachas, comhlíonadh agus cumasú IS)
- Ceapadh beartas agus forfheidhmiú beartas i réimse IS (speisialú beartais in IS)
An chibearshlándáil
- Bainistiú riosca agus dearbhú slándála
- Ailtireacht, dearadh agus teicneolaíocht
- Oibríochtaí slándála agus freagairt ar theagmhais
- Rialachas, beartas agus comhordú
- Feasacht, scileanna agus comhairle
Ní liosta uileghabhálach atá sna dualgais thuas. Tá eolas mionsonraithe le fáil san fhógra comórtais, rud atá le fáil ar an leathanach iarratais ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Tús a chur leis’ thíos.