An bhfuil an mianach ceart ionat?
Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas Bainistithe Sonraí (AST 3), ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:
A bheith i do náisiúnach den Aontas Eorpach agus cearta iomlána mar shaoránach den Aontas a bheith agat.
- Eolas cuimsitheach a bheith agat ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal C1) agus eolas sásúil a bheith agat ar cheann eile de theangacha oifigiúla an Aontais (leibhéal B2).
- Ní mór an méid seo a leanas a bheith agat chomh maith:
staidéar iar-mheánoideachais dhá bhliain ar a laghad a bheith críochnaithe agat, ar baineadh dioplóma amach dá bharr i réimse atá ábhartha don réimse atá roghnaithe agat, agus taithí oibre ábhartha 3 bliana ar a laghad agat a fuarthas ina dhiaidh sin;
sin nó
- leibhéal meánoideachais a bheith agat ar baineadh dioplóma amach dá bharr lenar féidir leanúint ar aghaidh go dtí an t-iar-mheánoideachas, agus taithí oibre ábhartha 6 bliana ar a laghad agat a fuarthas ina dhiaidh sin.
Tá na riachtanais bheachta éagsúil ó réimse go chéile. Ní mór d’iarrthóirí an fógra comórtais a cheadú chun na sonraí uile a fháil.