Skip to main content

An bhfuil an mianach ceart ionat?

Chun iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas do dhlítheangeolaithe (AD 7), ní mór duit na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh:

  • A bheith i do náisiúnach den Aontas Eorpach agus cearta iomlána mar shaoránach den Aontas a bheith agat.
     
  • Eolas a bheith agat ar thrí cinn ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh, mar atá léirithe sa tábla thíos. 

    Ar mhaithe le tagairt dóibh a éascú, tabharfar ‘teanga 1’, ‘teanga 2’ agus ‘teanga 3’ ar na teangacha riachtanacha.
     

Comórtas 

Teanga 1 (teanga an chomórtais)

 C2 – leibhéal cainteora dúchais

Teanga 2 

Leibhéal C1

Teanga 3 

Leibhéal C1

EPSO/AD/431/26 – BGBulgáirisFraincis

Ceann amháin díobh seo a leanas: Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Polainnis, nó

Spáinnis

 

EPSO/AD/431/26 – ELGréigis
EPSO/AD/431/26 – GAGaeilge
EPSO/AD/431/26 – MTMáltais
EPSO/AD/431/26 – NLOllainnis
EPSO/AD/431/26 – RORómáinis
EPSO/AD/431/26 – DEGearmáinisCeann amháin díobh seo a leanas: an Bhulgáiris, an Ollainnis, an Béarla, an Eastóinis, an Fhionlainnis, an Iodáilis, an Pholainnis nó an Spáinnis
EPSO/AD/431/26 – ESSpáinnisCeann amháin díobh seo a leanas: Béarla, Gearmáinis, Iodáilis, Laitvis, Polainnis, Portaingéilis nó Ungáiris
  • Ar a bharr sin, ní mór cúrsa ollscoile sa dlí a bheith críochnaithe agat. Tá feidhm ag coinníollacha sonracha maidir le gach comórtas. Tá eolas mionsonraithe maidir leis na cáilíochtaí oideachais is gá ar fáil san fhógra comórtais, rud atá le fáil ar an leathanach iarratais ach cliceáil ar an gcnaipe ‘Tús a chur leis’ thíos.
  • I bprionsabal, níl aon taithí ghairmiúil de dhíth. Mar sin féin, i gcásanna ina mbeidh leibhéal oideachais is gá ag iarrthóir is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile 3 bliana, agus é sin amháin, ba cheart taithí oibre ábhartha 1 bhliana amháin ar a laghad a bheith bainte amach aige ina dhiaidh sin.