Cáilíochtaí réimseshonracha
1. Eolaíochtaí comhshaoil agus aeráide, innealtóireacht agus eacnamaíocht
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí talmhaíochta; ailtireacht; bithcheimic; bitheolaíocht; eolaíochtaí bitheolaíocha; ceimic; ríomheolaíochtaí; éiceolaíocht; eacnamaíocht; innealtóireacht; eolaíochtaí comhshaoil; foraoiseacht; tíreolaíocht; geolaíocht; eolaíochtaí hidreolaíocha; eolaíochtaí beatha; eolaíocht na n-ábhar; matamaitic; meitéareolaíocht; eolaíochtaí nádúrtha; eolaíochtaí cothúcháin; aigéaneolaíocht nó eolaíochtaí muirí; fisic; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; ithireolaíocht; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: monatóireacht agus samhaltú comhshaoil; seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais; caighdeáin agus modheolaíochtaí rialála; tionchair an truaillithe agus rialú ar thruailliú; úsáid inbhuanaithe talún agus caomhnú acmhainní nádúrtha; geilleagar ciorclach agus inbhuanaitheacht; measúnú ar na tionchair ar an gcomhshaol; inbhuanaitheacht foirgneamh agus bonneagair; slabhra soláthair agus fáil; forbairt beartas agus meastóireacht ar bheartais.
2. Eolaíocht fuinnimh agus inbhuanaitheacht
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí talmhaíochta; ailtireacht; bithcheimic; bitheolaíocht; ceimic; ríomheolaíochtaí; éiceolaíocht; eacnamaíocht; innealtóireacht; eolaíochtaí comhshaoil; foraoiseacht; tíreolaíocht; geolaíocht; eolaíochtaí hidreolaíocha; eolaíochtaí beatha; eolaíocht na n-ábhar; matamaitic; meitéareolaíocht; nanaitheicneolaíocht; eolaíochtaí nádúrtha; eolaíochtaí núicléacha; aigéaneolaíocht nó eolaíochtaí muirí; fisic; eolaíochtaí polaitiúla; síceolaíocht; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: taighde ar fhuinneamh in-athnuaite; tomhaltas agus éifeachtúlacht fuinnimh; inbhuanaitheacht foirgneamh; comhtháthú fuinnimh; tionchar ar an gcomhshaol; stóráil agus tiontú fuinnimh; aistriú chuig córais inbhuanaithe; anailís ar an margadh fuinnimh; forbairt beartas agus meastóireacht ar bheartais; taighde ar fhuinneamh núicléach.
3. TFC agus (cibear)s(h)lándáil
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: ríomheolaíochtaí; innealtóireacht; eolaíocht na n-ábhar; matamaitic; eolaíochtaí nádúrtha; fisic; eolaíochtaí polaitiúla; síceolaíocht; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: straitéisí cibearshlándála; slándáil bonneagair; faisnéis faoi bhagairtí; athléimneacht (cibear)shlándála; teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; líonraí cumarsáide; cosaint sonraí; intleacht shaorga (IS) agus innealtóireacht bogearraí; cripteagrafaíocht agus caighdeánú; anailís ar thionchar beartas.
4. Anailís ar shonraí, taighde agus feidhmeanna le haghaidh cinnteoireacht fhianaisebhunaithe
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí achtúireacha; ailtireacht; baincéireacht agus cúrsaí airgeadais; bithcheimic; bitheolaíocht; ceimic; ríomheolaíochtaí; eacnaiméadracht; eacnamaíocht; innealtóireacht; tíreolaíocht; matamaitic; meitéareolaíocht; eolaíochtaí nádúrtha; eolaíochtaí polaitiúla; fisic; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: eolaíocht sonraí agus innealtóireacht sonraí; intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim; anailís ar théacs; próiseáil sonraí; ceapadh beartas fianaisebhunaithe; nascadh sonraí; taiscéalaíocht sonraí agus léirshamhlú sonraí; cáilíocht sonraí; meastóireacht ar bheartas; comhar agus fadbhreathnaitheacht.
5. Taighde agus feidhmeanna san intleacht shaorga, meaisínfhoghlaim agus córais chasta
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí talmhaíochta; bithcheimic; bitheolaíocht; ceimic; ríomheolaíochtaí; éiceolaíocht; eacnamaíocht; innealtóireacht; eolaíochtaí comhshaoil; eolaíochtaí hidreolaíocha; eolaíochtaí beatha; matamaitic; meitéareolaíocht; eolaíochtaí nádúrtha; aigéaneolaíocht nó eolaíochtaí muirí; fisic; síceolaíocht; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: eolaíocht sonraí agus intleacht shaorga; feidhmeanna intleachta saorga; córais algartamacha; eitic agus formhaoirseacht intleachta saorga; intleacht shaorga ghiniúnach; nuálaíocht atá bunaithe ar intleacht shaorga; anailís rioscaí i ndáil le hintleacht shaorga; bainistiú mórshonraí; oibríochtaí meaisínfhoghlama; córais chasta.
6. Feidhmeanna spáis agus teicneolaíochtaí geofhaisnéise
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí talmhaíochta; ailtireacht; ceimic; ríomheolaíochtaí; éiceolaíocht; eacnamaíocht; innealtóireacht; eolaíochtaí comhshaoil; foraoiseacht; tíreolaíocht; geolaíocht; eolaíochtaí hidreolaíocha; eolaíochtaí beatha; eolaíocht na n-ábhar; matamaitic; meitéareolaíocht; nanaitheicneolaíocht; eolaíochtaí nádúrtha; eolaíochtaí núicléacha; aigéaneolaíocht nó eolaíochtaí muirí; fisic; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: faire na cruinne agus geofhaisnéis; córais dhomhanda loingseoireachta satailíte agus cumarsáid gan sreang; slabhra soláthair spáis agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn; inniúlachtaí agus uirlisí idirdhisciplíneacha.
7. Sláinte agus cosaint tomhaltóirí
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí talmhaíochta; bithcheimic; bithfhaisnéisíocht; innealtóireacht bhitheolaíoch; eolaíocht bhitheolaíoch; bitheolaíocht; innealtóireacht bhithleighis; bithstaidreamh; bith-theicneolaíocht; innealtóireacht cheimiceach; ceimic; bitheolaíocht ríomhaireachtúil; ríomheolaíochtaí; eacnamaíocht; innealtóireacht; eolaíochtaí comhshaoil; eipidéimeolaíocht; bia-eolaíochtaí; géanómaíocht; eolaíochtaí sláinte domhanda agus poiblí; teicneolaíocht faisnéise; eolaíochtaí beatha; eolaíocht na n-ábhar; matamaitic; eolaíochtaí leighis; micribhitheolaíocht; eipidéimeolaíocht mhóilíneach; nanai-bhith-theicneolaíocht; nanaitheicneolaíocht; eolaíochtaí nádúrtha; eolaíochtaí núicléacha; eolaíochtaí cothúcháin; aigéaneolaíocht nó eolaíochtaí muirí; eolaíochtaí cógaisíochta; cógaisíocht; fisic; síceolaíocht; sláinte phoiblí; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh; víreolaíocht.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: monatóireacht sláinte poiblí agus anailís sláinte poiblí; staidéar eipidéimeolaíochta agus samhaltú; taighde ar theiripí nuálacha; oibriú i gcomhar le gníomhaireachtaí sláinte agus sábháilteachta bia; meastóireacht ar thionchar stíle maireachtála agus cothaithe; forbairt modhanna anailíse; uirlisí agus scéimeanna dearbhaithe cáilíochta; sábháilteacht táirgí; anailís ar chórais cúraim sláinte; an intleacht shaorga agus bainistiú mórshonraí.
8. Eolaíocht iompair agus soghluaisteacht inbhuanaithe
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: ailtireacht; ríomheolaíochtaí; éiceolaíocht; eacnamaíocht; innealtóireacht; eolaíochtaí comhshaoil; tíreolaíocht; eolaíochtaí beatha; eolaíocht na n-ábhar; matamaitic; eolaíochtaí nádúrtha; fisic; staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: réitigh iompair inbhuanaithe; measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol; meastóireacht ar fheithiclí; samhlacha agus ionsamhlúcháin iompair; taighde ar shoghluaisteacht uirbeach; anailís ar bhonneagar iompair; measúnú ar shábháilteacht struchtúrach; moltaí beartais agus treoraíocht; measúnú ar theicneolaíochtaí nua; staidéir a bhaineann le ladrainn.
9. Eolaíochtaí sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eolaíochtaí achtúireacha; ailtireacht; baincéireacht agus cúrsaí airgeadais; ríomheolaíochtaí; eacnamaíocht; eolaíochtaí oideachais; innealtóireacht; staidéir ar an todhchaí; tíreolaíocht; bainistiú nuálaíochta; matamaitic; fisic; eolaíochtaí polaitiúla; síceolaíocht; staidéar eolaíochta agus teicneolaíochta; dearadh seirbhíse; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí; staidreamh; bainistiú aistrithe inbhuanaitheachta.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: anailís ar threochtaí sochaíocha; taighde polaitiúil agus rialachais; measúnú ar thionchar beartais; modhanna fadbhreathnaitheachta; modheolaíocht suirbhé; moltaí beartais; comhoibriú; cumarsáid agus bainistíocht; samhaltú eacnamaíoch agus airgeadais; taighde slándála agus sochtheicniúil.
10. Eolaíocht iompraíochta, eacnamaíocht agus oideachas
Is féidir an dioplóma a bheith i gceann amháin nó níos mó de na réimsí eolaíochta seo a leanas: eacnamaíocht; eolaíochtaí oideachais; eolaíochtaí polaitiúla; síceolaíocht; eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí, staidreamh.
Ní mór an taithí ghairmiúil a bheith faighte i gceann amháin nó níos mó de na réimsí seo a leanas: taighde oideachais; anailís ar iompraíocht; dearaí turgnamhacha agus cuasa-thurgnamhacha; cumarsáid agus comhoibriú; dearadh beartais agus cur chun feidhme beartais; anailís ar shonraí; modhanna staidrimh agus eacnaiméadracha; scríobh agus tuairisciú; oiliúint agus teagasc; bainistíocht foirne agus tionscadail.