Skip to main content

Trialacha

Cuimsíonn an próiseas roghnúcháin trialacha réasúnaíochta ar líne, chomh maith le trialacha eolais faoin Aontas Eorpach, scileanna digiteacha, agus aiste shaorthéacs ar chúrsaí an Aontais Eorpaigh.
Tá na sonraí iomlána ar fáil san fhógra comórtais.

Féadfaidh na hiarrthóirí aon dá cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais a roghnú le haghaidh na dtrialacha.

Nuair a chuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, féadfaidh seirbhísí earcaíochta chomhlachtaí agus institiúidí an Aontais Eorpaigh ar spéis leo a bpróifíl dul i dteagmháil leo chun agallaimh earcaíochta spriocdhírithe a dhéanamh. Na hagallaimh sin agus aon phróiseas gaolmhar eile, tá siad lasmuigh den phróiseas roghnúcháin a dhéanann EPSO. Is iad na seirbhísí earcaíochta ábhartha a dhéanann na hagallaimh earcaíochta, i mBéarla agus/nó i bhFraincis de ghnáth. Féadfar teangacha eile a úsáid le linn na n-agallamh freisin, de réir riachtanais na seirbhísí earcaíochta agus an eolais a chuir na hiarrthóirí in iúl ina n-iarratas.