Skip to main content

FAQs

Below you can find the answer to your question.
If you are searching in your language and you are not getting any results, please try in English. The content may not yet be translated.

Is é an stádas ‘Ar bun faoi láthair’ an stádas a n-athraítear gach iarratas bailíochtaithe chuige go huathoibríoch tar éis an sprioc-ama le hiarratas a dhéanamh.

I bhformhór na gcásanna, is é an fáth nach bhféadfaidh iarrthóirí a n-iarratas a rochtain ná gur chruthaigh siad níos mó ná cuntas amháin ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, iad nasctha le cuntais éagsúla EU Login, agus go bhfuil siad ag iarraidh a n-iarratas a rochtain tríd an gcuntas contráilte ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. 

Lean na céimeanna thíos chun an cuntas ceart a shainaithint agus chun rochtain a fháil ar d’iarratas arís.

Céim 1: Sainaithin gach cuntas EU Login atá nasctha le do sheoladh/seoltaí ríomhphoist

  • Aimsigh an ríomhphost uathoibríoch ó sheirbhís fíordheimhniúcháin EU Login a gineadh tar éis do chuntas EU Login a chruthú. Tá d’aitheantas úsáideora sa ríomhphost sin, rud a thosaíonn le ‘n00’ de ghnáth.

Mura bhfuil tú in ann teacht ar an ríomhphost sin:

  • Téigh go: https://webgate.ec.europa.eu/cas
  • Cuir isteach gach ceann de do sheoltaí ríomhphoist agus cliceáil ar ‘Ar aghaidh’ chun a sheiceáil an ann do chuntas EU Login le haghaidh an tseolta sin.
  • Mura cuimhin leat do phasfhocal, cliceáil ‘An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’
  • Má tá níos mó ná seoladh ríomhphoist amháin agat, déan gach ceann acu a sheiceáil

Céim 2: Nuair a bheidh d’aitheantais úsáideora EU Login ar fad sainaitheanta agat:

Cuimhnigh go bhfuil a phasfhocal féin agus modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir féin ag gach aitheantas úsáideora EU Login. Dá bhrí sin, caithfidh tú úsáid a bhaint as an bpasfhocal agus as an modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir a bhaineann leis an aitheantas úsáideora atá tú a úsáid chun logáil isteach.

Céim 3:

Mura féidir leat d’iarrata(i)s a aimsiú fós, agus má tá rochtain agat fós ar chuntas amháin ar a laghad ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, déan teagmháil le EPSO agus luaigh an méid seo a leanas: 

  • gach ceann de na haitheantais úsáideora EU Login atá agat agus gach seoladh ríomhphoist atá agat.

Mura féidir leat rochtain a fháil ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, bain úsáid as an bhfoirm theagmhála ar ár suíomh gréasáin.

Tábhachtach 

  • Ná cruthaigh cuntas nua EU Login mura féidir leat d’iarratas a aimsiú.
  • Ná húsáid eID, Google ná Facebook chun logáil isteach
  • Ná scrios aon chuntas EU Login. Caillfear cuntais scriosta go buan.
  • Chun fadhbanna a bhaineann le EU Login a réiteach, déan teagmháil le Deasc Chabhrach EU Login ag An bhfuil cuidiú de dhíth ort fós? – an tAontas Eorpach

 

Tá sé iontach tábhachtach nóta a choinneáil den aitheantas úsáideora, den mhodh fíordheimhniúcháin dara fachtóir agus den seoladh ríomhphoist a úsáideann tú le do chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.

 

Féach freisin: Deimhnigh go bhfuil do chuntas socraithe i gceart.
 

 

I gcás comórtais oscailte (Tairseach Aonair na nIarrthóirí)

Más ball foirne de chuid an Aontais Eorpaigh thú agus má cruthaíodh do chuntas le EU Login corparáideach, déanfar do shonraí pearsanta a iompórtáil ó thaifid inmheánacha acmhainní daonna (Sysper) agus ní féidir iad a athrú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.

Más iarrthóir seachtrach thú agus má chruthaigh tú do chuntas trí úsáid a bhaint as do EU Login pearsanta, is féidir leat athruithe ar do shonraí pearsanta a iarraidh tríd an roghchlár ‘Déan teagmháil linn’ i do chuntas. Ní mór doiciméad oifigiúil lena dtugtar údar maith leis an athrú a bheith mar thaca le gach iarraidh.

D’fhéadfadh roinnt laethanta a bheith i gceist leis an bpróiseáil, mar sin iarraimid ort gan an iarraidh chéanna a chur isteach níos mó ná uair amháin. Ní gá duit fanacht go ndéanfar na hathruithe a bhailíochtú; is féidir leat leanúint ar aghaidh le d’iarratas/do thriail a chur in áirithe.

 

I gcás próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (cuntas EPSO)
Cliceáil ar ‘Sonraí pearsanta’ i do chuntas EPSO agus lean na treoracha chun do chuid sonraí pearsanta a chur in eagar.

Chun do shloinne, do shloinne breithe, do chéadainm, do dháta breithe, nó do shaoránacht a athrú, ní mór duit iarratas a sheoladh in éineacht le cóip de dhoiciméad tacaíochta oifigiúil (e.g. pas, cárta aitheantais, doiciméad dlíthiúil) chuig EPSO-PERS-DATA@ec.europa.eu.

A luaithe a dhéanfar d’iarraidh a fhaomh, beidh na sonraí nuashonraithe le feiceáil i do chuntas EPSO.

Tabhair do d’aire gur féidir iarratais a dhiúltú mura gcuirtear aon doiciméad tacaíochta ar fáil ina leith laistigh de chúig lá.

D’fhéadfadh roinnt laethanta a bheith i gceist leis an bpróiseáil, mar sin iarraimid ort gan an iarraidh chéanna a chur isteach níos mó ná uair amháin. Ní gá duit fanacht go ndéanfar na hathruithe a bhailíochtú; is féidir leat leanúint ar aghaidh le d’iarratas/do thriail a chur in áirithe.

Tabhair do d’aire go gcuirfear do shonraí pearsanta nua bailíochtaithe san áireamh le haghaidh d’iarratais bhailíochtaithe.

Chun a sheiceáil an bhfuil do chuntas EU Login cumraithe i gceart, téigh chuig socruithe do chuntais agus lean ar aghaidh mar seo a leanas:

  • Logáil isteach i do chuntas
  • Cliceáil ar ‘socruithe’ (deilbhín an rotha fhiaclaigh) sa chúinne ar dheis ar bharr in aice le d’ainm.

    gabháil scáileáin
     
  • Roghnaigh ‘Mo chuntas’. Ansin is féidir leat teacht ar eolas ginearálta faoi do chuntas EU Login, d’aitheantóir uathúil agus an seoladh ríomhphoist a bhaineann leis san áireamh.
     
  1. Más aitheantóir uathúil dar tús "v00" atá agat, ciallaíonn sé gur cruthaíodh do chuntas trí rogha logáil isteach tríú páirtí, amhail sainaithint leictreonach (ardáin eID ar nós: itsme, SPID, ROeID, DigiD, MitID, etc.), Facebook nó Google. Ní féidir na cuntais sin a úsáid le haghaidh Thairseach Aonair na nIarrthóirí.
     
  2. Má tá tú ag obair d’institiúid nó do chomhlacht de chuid an Aontais faoi láthair, féach Treoracha EU Login d’fhoireann inmheánach an Aontais.
     
  3. Má d’oibrigh tú d’institiúid de chuid an Aontais roimhe seo, is dócha go bhfuil do chuntas EU Login nasctha le haitheantóir uathúil atá ann cheana féin.
    Sa chás sin, má bhíonn fadhbanna agat agus tú ag cruthú do chuntais ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí, cruthaigh cuntas nua EU Login trí sheoladh ríomhphoist difriúil a úsáid. Is féidir leat an cineál EU Login a fhíorú sa rannán ‘Mo chuntas’ de do chuntas EU Login.
     
  4. Mura bhfuil modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir socraithe agat go fóill (gléas móibíleach nó ardán iontaofa), níl do chuntas réidh le rochtain a fháil ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. Cuir isteach modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir i do phróifíl EU Login. Léigh freisin na treoracha maidir le conas ardán iontaofa a chur leis.
     

Cinntigh gur seoladh ríomhphoist príobháideach é an seoladh ríomhphoist a úsáideadh chun do chuntas EU Login a chruthú. Má úsáideann tú ríomhphost corparáideach, d’fhéadfadh sé go gcaillfeá rochtain ar do chuntas EU Login agus, dá bharr sin, ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí.

Má tá deacrachtaí agat dul isteach ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí nó iarratas a dhéanamh ar chomórtas, féach na cásanna thíos.


1. Má fhaigheann tú an teachtaireacht seo a leanas: ‘Níor aimsíodh aon Ardán Iontaofa ná Eochair Shlándála’

Is éard a chiallaíonn sé sin nach bhfuil modh fíordheimhniúcháin dara fachtóir (ardán iontaofa) cumraithe agat fós do do chuntas EU Login.

An méid atá le déanamh:

  • Logáil isteach i do chuntas EU Login agus téigh chuig socruithe do chuntais (deilbhín an rotha fhiaclaigh sa chúinne ag barr ar dheis, in aice le d’ainm). 
  • Cuir ardán iontaofa leis ach na treoracha ‘Conas ardán iontaofa a chur leis’ a leanúint. 
  • Má bhíonn an fhadhb ann go fóill, déan teagmháil le Deasc chabhrach EU Login. 

 

2. Má bhíonn fadhbanna agat le hAip Mhóibíleach EU Login nó Cód QR EU Login

An méid atá le déanamh:


3. Má thagann ceann de na teachtaireachtaí earráide seo a leanas aníos:

  • ‘Tá srianta slándála ag cur cosc ar rochtain ar an leathanach a iarradh - Tairseach Aonair na nIarrthóirí’ 
  • ‘D’éirigh leis an logáil amach. Níor aimsíodh an t-úsáideoir.’ 
  • ‘Theip ar bhailíochtú chód fíordheimhniúcháin OIDC’ 

De ghnáth, is éard a chiallaíonn sé sin go gcaithfidh tú cuntas nua EU Login a chruthú.

An méid atá le déanamh:
Cruthaigh cuntas nua EU Login trí úsáid a bhaint as seoladh ríomhphoist eile nár úsáideadh riamh le cuntas EU Login roimhe seo. Lean na treoracha ‘Conas cuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí a chruthú’.

 

4. Má thagann an teachtaireacht ‘Fógra maidir le ceanglas próifíle’ aníos, mar atá le feiceáil san íomhá thíos

teachtaireacht aníos

Is éard a chiallaíonn sé sin gur cruthaíodh do chuntas trí úsáid a bhaint as rogha tríú páirtí chun logáil isteach, amhail eID (e.g. itsme, SPID, ROeID, DigiD), Facebook, nó Google. Cuntais a chruthaítear trí mhodhanna logáil isteach tríú páirtí, ní féidir iad a úsáid chun iarratas a dhéanamh ar chomórtais EPSO.

An méid atá le déanamh:

You must upload the copy of your diploma by 07/10/2026 at the latest. Please read the instructions on How to fill in the application form.

No, you don’t need a certificate or a diploma to prove the knowledge of your languages. You will sit the tests in the 2 languages chosen by you in the application form. 

Ní bhfaighidh. Ní sheolfar ríomhphost deimhniúcháin tar éis duit d’iarratas ar chomórtas a chur isteach.

Is féidir leat a fhíorú ar cuireadh d’iarratas isteach ach cliceáil ar ‘Mo chuid iarratas’ i do chuntas ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí. Má tá stádas ‘Bailíochtaithe’ ag d’iarratas, ciallaíonn sé go bhfuil d’iarratas curtha isteach.

Ní chaithfidh. Tá sé saor in aisce iarratas a dhéanamh ar phróisis roghnúcháin EPSO agus páirt a ghlacadh iontu.

Ní ghearrann EPSO aon táillí clárúcháin ná rannpháirtíochta ag aon chéim den phróiseas roghnúcháin.

D’fhéadfadh sé go dtiocfá ar chuideachtaí príobháideacha a chuireann cúrsaí ullmhúcháin, ábhair oiliúna nó cóitseáil ar íocaíocht ar fáil le haghaidh chomórtais EPSO. Is go neamhspleách a chuireann na cuideachtaí sin a leithéid ar fáil agus níl baint acu le EPSO ná le hinstitiúidí an Aontais, ná ní fhormhuiníonn EPSO ná institiúidí an Aontais iad.

Má fheiceann tú teachtaireachtaí, suíomhanna gréasáin nó postálacha ar na meáin shóisialta a thugann le fios nach mór duit táille a íoc chun cur isteach ar chomórtas EPSO, bí san airdeall ar an méid sin má phléann tú leo.

Nuair a fhoilsítear painéal, faigheann EPSO líon mór iarrataí ar athbhreithniú ag an am céanna.
I gcomórtais a reáchtáladh le déanaí tá méadú suntasach tagtha ar líon na n-iarrataí ar athbhreithniú – beagnach a dheich n-oiread i gcásanna áirithe – de réir mar a bhaineann níos mó iarrthóirí na céimeanna deiridh den phróiseas roghnúcháin amach agus de réir mar a fhaigheann siad torthaí mionsonraithe ag an am céanna.
Ní mór gach iarraidh a scrúdú go cúramach. Déanann EPSO réamhanailís ar na hiarrataí ar athbhreithniú chun a sheiceáil an ann d’earráidí ábhartha iontu agus chun na comhaid a ullmhú sula gcuirtear faoi bhráid an bhoird roghnúcháin iad.

Déanann an bord roghnúcháin measúnú ar gach iarraidh ansin. D’fhéadfadh sé go mbeadh roinnt mhaith ama i gceist leis an gcéim sin mar gheall ar an líon ard cásanna agus mar gheall ar chineál mionsonraithe an phróisis athbhreithnithe. 

Ní féidir freagraí a fhoilsiú go dtí go mbeidh bailchríoch curtha ag an mbord roghnúcháin ar a chuid oibre ar gach iarratas.

Níl aon sprioc-am ann atá sainithe de réir dlí le hiarrataí ar athbhreithniú a láimhseáil. Bunaithe ar an taithí le déanaí ó bhí 2024 ann, is iondúil go bhfoilsítear freagraí laistigh de 2-6 mhí tar éis an sprioc-ama le hiarrataí a chur isteach.