Skip to main content

FAQs

Below you can find the answer to your question.
If you are searching in your language and you are not getting any results, please try in English. The content may not yet be translated.

Más rud é nach mian leat a thuilleadh na trialacha a dhéanamh, is amhlaidh is féidir leat a roghnú gan iad a dhéanamh.

I gcás próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, ní dhéanfar difear do d’incháilitheacht má roghnaíonn tú gan na trialacha a dhéanamh, ná ní chuirfear bac ar d’iarratas.

D’fhéadfadh sé go réamhroghnódh na seirbhísí earcaíochta thú arís amach anseo.

Is féidir. I bpróisis roghnúcháin do bhaill foirne a conradh, is féidir thú a réamhroghnú (a chur ar ghearrliosta) le haghaidh níos mó ná próifíl/grúpa feidhme amháin.

Má réamhroghnaíonn seirbhísí earcaíochta éagsúla thú níos mó ná uair amháin don phróifíl chéanna laistigh den ghrúpa feidhme céanna, ní thabharfar cuireadh duit chun trialacha EPSO a dhéanamh ach aon uair amháin.

Má réamhroghnaítear thú le haghaidh próifílí éagsúla agus/nó grúpaí feidhme éagsúla, tabharfar cuireadh duit chun na trialacha a dhéanamh san ord ina bhfaighidh EPSO na hiarrataí ó na seirbhísí earcaíochta.

Ní féidir leis na seirbhísí earcaíochta, ná iarrthóirí ná EPSO tionchar a imirt ar an ord ina bpróiseáiltear iarrataí ar thrialacha.

Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana

Má ghnóthaíonn tú pas i dtrialacha roghnúcháin EPSO i gcomórtas oscailte, is féidir go gcuirfear le painéal thú.

Mura n-éiríonn leat i bpróiseas earcaíochta le hinstitiúid den Aontas Eorpach, fanfaidh tú ar an liosta agus d’fhéadfadh sé go ndéanfaí teagmháil leat le haghaidh deiseanna eile fad a bheidh an painéal bailí.

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh

Má éiríonn leat i dtrialacha EPSO don phróiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh ach nach n-éiríonn leat ag an gcéim earcaíochta, beidh do thorthaí trialacha EPSO bailí go ceann 10 mbliana ón dáta a fhoilseofar i do chuntas EPSO iad.

Ciallaíonn sé sin go bhféadfadh an tseirbhís earcaíochta chéanna nó seirbhís earcaíochta eile cuireadh a thabhairt duit chun trialacha earcaíochta eile a dhéanamh.

Mura n-éireoidh leat i dtrialacha réasúnaíochta EPSO le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, ní mór duit fanacht 4 mhí sular féidir cuireadh a thabhairt duit an athuair le haghaidh an ghrúpa feidhme chéanna nó grúpa feidhme níos airde.

Le linn na 4 mhí sin, d’fhéadfaí cuireadh chun trialacha a thabhairt duit le haghaidh grúpa feidhme níos ísle.

Is ón dáta a rinne tú na trialacha a thosaíonn an tréimhse feithimh.

Tabhair do d’aire nach bhfuil sé d’oibleagáid ar na seirbhísí earcaíochta cuireadh a thabhairt d’iarrthóirí an athuair i ndiaidh na tréimhse feithimh.

Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana

Má ghnóthaíonn tú pas i dtrialacha roghnúcháin EPSO i gcomórtas oscailte, is féidir go gcuirfear le painéal thú. Ní hionann d’ainm a bheith ar phainéal agus é a bheith ina scéal cinnte go bhfaighidh tú tairiscint poist, ach d’fhéadfadh institiúidí an Aontais Eorpaigh do phróifíl a mheas chun tú a earcú.

Is ar riachtanais na n-institiúidí a bhraitheann bailíocht agus úsáid na bpainéal.

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh

Má éiríonn leat i dtrialacha réasúnaíochta EPSO le haghaidh próiseas roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh, d’fhéadfadh seirbhís earcaíochta cuireadh a thabhairt duit chun agallaimh agus/nó trialacha breise earcaíochta.

Beidh do thorthaí trialacha bailí go ceann 10 mbliana ón dáta a fhoilseofar i do chuntas EPSO iad.

Beidh siad bailí don ghrúpa feidhme dá ndearna tú na trialacha, agus d’aon ghrúpa feidhme níos ísle ná sin.

Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana

Má fhaigheann tú marc níos airde sna trialacha roghnúcháin le haghaidh comórtais oscailte, d’fhéadfadh sé gur mhó an seans go gcuirfí leis an bpainéal thú, ós rud é gur ar bhonn a bhfeidhmíochta agus rialacha an chomórtais a roghnaítear na hiarrthóirí.

A luaithe a chuirfear leis an bpainéal thú, áfach, is iad institiúidí an Aontais a dhéanann na cinntí earcaíochta, bunaithe ar a riachtanais agus ar phróifíl an iarrthóra, seachas ar mharcanna trialacha ná ar rangú.

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh

Ní hamhlaidh. I bpróisis roghnúcháin le haghaidh baill foirne ar conradh, ní féidir le seirbhísí earcaíochta a fheiceáil ach ar éirigh nó nár éirigh le hiarrthóirí i dtrialacha roghnúcháin EPSO. Níl na marcanna aonair le feiceáil ná ní bhíonn tionchar acu ar chinntí earcaíochta.

Bíonn líon ard iarratas i gceist le próiseas roghnúchán na mball foirne ar conradh. Mar sin féin, ní chuireann na seirbhísí earcaíochta ar an ngearrliosta (i.e. ní réamhroghnaíonn siad) ach na hiarrthóirí is fearr a n-oireann a bpróifíl dá riachtanais earcaíochta shonracha ag am ar leith.

Murar réamhroghnaíodh thú, ciallaíonn sé nach raibh do phróifíl ar na próifílí a roghnaíodh don riachtanas earcaíochta áirithe sin. D’fhéadfaí thú a chur san áireamh amach anseo má tá do phróifíl ag teacht le riachtanais earcaíochta eile.

I gcás comórtais oscailte ina n-úsáidtear Tairseach Aonair na nIarrthóirí:

Is féidir leat an fhoirm iarratais a athrú tar éis duit í a chur isteach, ar choinníoll nach bhfuil an sprioc-am istigh le hiarratas a dhéanamh. Nuair a bheidh an sprioc-am istigh, ní féidir an fhoirm iarratais a leasú a thuilleadh.

Má chuireann tú d’iarratas in eagar tar éis duit é a chur isteach, ná déan dearmad ‘Cuir isteach’ a chliceáil arís. Mura ndéanfaidh tú sin, beidh stádas ‘dréacht’ ag d’iarratas i gcónaí agus ní chuirfear san áireamh é.

Tabhair faoi deara: Is féidir leat do CV a nuashonrú ar Thairseach Aonair na nIarrthóirí tráth ar bith. Mar sin féin, ní chuirfear san áireamh ach an leagan a cuireadh isteach le d’iarratas agus d’incháilitheacht á fíorú don chomórtas sonrach a ndearna tú iarratas air. Aon nuashonrú a dhéanfar air ina dhiaidh sin, ní dhéanfaidh sé difear don iarratas a chuir tú isteach.


I gcás phróisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:
Is féidir leat d’iarrata(i)s a athrú agus do CV a uaslódáil chuig do chuntas EPSO, nó é a thabhairt cothrom le dáta, tráth ar bith.

Ná déan dearmad d’iarrata(i)s a nuashonrú gach sé mhí ar a laghad más mian leat a bheith le feiceáil i gcónaí ag na seirbhísí earcaíochta. Beidh feidhm aige sin cibé acu atá pas faighte agat sna trialacha nó nach bhfuil.

Earcaítear baill foirne ar conradh i ngrúpaí feidhme éagsúla (Grúpa Feidhme I–IV), lena gcinntear an cineál oibre, an leibhéal freagrachta agus na cáilíochtaí íosta is gá.

  • Grúpa Feidhme I (FG I): tascanna tacaíochta láimhe agus riaracháin 
  • Grúpa Feidhme II (FG II): tascanna cléiriúla agus rúnaíochta, bainistiú oifige agus tascanna coibhéiseacha eile
  • Grúpa Feidhme III (FG III): tascanna feidhmiúcháin, dréachtú, cuntasaíocht agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile
  • Grúpa Feidhme IV (FG IV): tascanna riaracháin, comhairleacha, teanga agus tascanna teicniúla coibhéiseacha eile.

An grúpa feidhme a bhféadfá a bheith incháilithe ina leith, braitheann sé ar d’oideachas agus ar do thaithí oibre, mar atá sonraithe sa ghlao ar léiriú spéise.

Féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise a ghabhann leis an bpróiseas roghnúcháin a bhfuil tú páirteach ann más mian leat an líon ceisteanna, fad ama agus pasmharc na dtrialacha a fháil amach.

Is ar líne a reáchtáiltear gach triail EPSO. Féach Trialacha ar líne – Eolas riachtanach. Seoltar treoracha mionsonraithe le haghaidh na dtrialacha ar líne in éineacht leis an gcuireadh chun na dtrialacha trí chuntas na n-iarrthóirí.