Skip to main content

Iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas Bainistithe Sonraí (AST 3)

Tá an tAontas Eorpach ag lorg gairmithe bainistithe sonraí chun teacht isteach ina sheirbhís shibhialta.

Tá an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne (EPSO) ag eagrú comórtas oscailte chun painéil a thiomsú i leith riarthóirí (grád AST 3) sna réimsí seo a leanas: 

  1. Próiseáil sonraí, anailísíocht, agus staidreamh
  2. Leabharlannaíocht agus eolaíocht faisnéise
  3. Bainistiú taifead agus cartlann

Ní féidir le hiarrthóirí iarratas a dhéanamh ach ar aon réimse amháin.

Sprioc-amanna tábhachtacha

Is ón 6 Deireadh Fómhair 2026 go dtí an 11 Samhain 2026 (12:00 meán lae, am na Bruiséile) a mhairfidh an tréimhse iarratais.

Ní mór do na hiarrthóirí an méid seo a leanas a uaslódáil: 

  • cárta aitheantais bailí nó pas bailí, faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh (an 11 Samhain 2026, 12:00 meán lae, am na Bruiséile), agus 
  • doiciméid tacaíochta faoin 11 Márta 2027 (12:00 meán lae, am na Bruiséile).

Hear from our staff

"Hi, I am Richard, I work in the Library Reading Room Unit in the Directorate for the Library and Knowledge...