Skip to main content

FAQs

Below you can find the answer to your question.
If you are searching in your language and you are not getting any results, please try in English. The content may not yet be translated.

Caithfear fanacht go dtí deireadh na chéad chéime den chlárúchán agus na sonraí a bhailiú ó na hiarratais ar fad sular féidir liosta de na teangacha is mó atá luaite ag na hiarrthóirí a thiomsú. Níl na staitisticí ó na comórtais a rinneadh roimhe seo ábhartha mar tá siad claonta sa mhéid is go mbíodh sé éigeantach Béarla, Fraincis nó Gearmáinis a roghnú.

Is féidir breathnú ar an tuarascáil Eorpach maidir leis na teangacha is mó labhairt agus úsáid chun treoir a fháil. Ach ní haon deimhniú é i dtaobh na dteangacha a thairgfear. Ina theannta sin, na cúig theanga a dhéanfaidh EPSO a thairiscint ar bhonn na sonraí a gheofar ó na hiarratais i ndeireadh na chéad chéime den chlárúchán, is faoi na hinstitiúidí a bheidh sé glacadh leis na teangacha sin.

Baill foirne bhuana – comórtais oscailte:

Ní mór duit doiciméid tacaíochta a chur ar fáil chun an t-eolas atá dearbhaithe i d’iarratas a dheimhniú (céannacht, oideachas agus taithí ghairmiúil), mar seo a leanas:

1. Céannacht: Ní mór duit cóip de do chárta aitheantais bailí nó de do phas bailí a chur ar fáil.

2. Oideachas agus cáilíochtaí: 

  • Uaslódáil do dhioplóma meánscoile (i gcás comórtais AST-SC / AST) nó do dhioplóma iar-mheánscoile (i gcás comórtais AST agus AD) mar aon le liosta na gcúrsaí atá curtha i gcrích agat.
  • Déan a chinntiú go bhfuil an dioplóma is gá chun cur isteach ar an gcomórtas san áireamh agat, de réir mar atá leagtha síos san fhógra comórtais, pointe 3.3. ‘Coinníollacha sonracha – cáilíochtaí agus taithí oibre’, agus go bhfuil d’ainm, stampaí, sínithe agus sraithuimhreacha (más infheidhme) le feiceáil.   
  • Cuir san áireamh cruthúnas ar aon tréimhse oiliúna nó oiliúint ábhartha eile atá curtha i gcrích agat, ar choinníoll go gcuireann siad le comhlíonadh na gceanglas incháilitheachta (féach an fógra comórtais).

    Ní mór céimeanna, dioplómaí agus/nó teastais a bheith aitheanta ag údarás inniúil Ballstáit den Aontas Eorpach, cibé acu i dtír den Aontas Eorpach nó i dtír lasmuigh de a eisíodh iad. 
    Féach freisin: An nglactar le cáilíocht/dioplóma a eisíodh i dtír nach Ballstát den Aontas Eorpach í?

3. Taithí ghairmiúil:

Ní mór duit doiciméid a chur ar fáil a chruthaíonn cineál do chuid dualgas agus fad do thaithí. Ní chuirfidh an bord roghnúcháin san áireamh tréimhsí taithí oibre nach dtacaíonn sainchuntas poist leo. Tabhair do d’aire nach bhfuil aon taithí ghairmiúil ag teastáil i leith chomórtas na Riarthóirí Céimithe (AD 5).

Thíos tá roinnt samplaí de na cineálacha doiciméad is ceart d’iarrthóirí a chur ar fáil:

3.1: I gcás obair thuarastail: 

  • Doiciméid ón bhfostóir reatha agus ó iarfhostóir(í) ina sonraítear cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh, cuir i gcás litreacha ón oifigeach uachtarach, tuarascálacha meastóireachta ina ndéantar cur síos ar do chúraimí, do shainchuntais post a chuir d’fhostóir ar fáil, nó conarthaí ina bhfuil cuntais mhionsonraithe ar na dualgais a dhéantar.
  • Conradh/conarthaí fostaíochta lena ngabhann dáta tosaigh agus dáta deiridh, nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh.

Ní mór gach doiciméad a bheith dátaithe agus d’ainm, ceanntásc oifigiúil agus stampa oifigiúil na cuideachta a bheith air, chomh maith le hainm agus síniú an duine atá i gceannas.

3.2: I gcás daoine féinfhostaithe / saorghairmeacha: 

  • Sonraisc, conarthaí, foirmeacha ordaithe  
  • Comhfhreagras ríomhphoist
  • Miontuairiscí cruinnithe
  • Doiciméid chánach
  • Cruthúnas ar bhallraíocht i gcomhlachas gairmiúil

Eolas tábhachtach

  • Is féidir na doiciméid tacaíochta a bheith in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais, agus ní mór údar cuí a thabhairt leis an eolas a thug tú i d’fhoirm iarratais. Ní mór doiciméid tacaíochta ábhartha a bheith ag gabháil le gach iontráil i do CV (oideachas, taithí oibre); seachas sin, ní chuirfear san áireamh é. 
  • Is ar na hiarrthóirí atá an fhreagracht an t-eolas agus na doiciméid ar fad atá ag teastáil a chur ar fáil don bhord roghnúcháin chun go bhféadfar a fhíorú go gcomhlíonann siad na coinníollacha atá leagtha síos san fhógra comórtais.
  • Mura gcuireann tú dóthain fianaise dhoiciméadach ar fáil faoin sprioc-am atá leagtha síos san fhógra comórtais, d’fhéadfaí a mheas nach bhfuil tú incháilithe agus go bhfuil tú eisiata ón gcomórtas. 
  • Go ginearálta, níl aon doiciméad tacaíochta de dhíth chun eolas ar theangacha a chruthú (féach an fógra comórtais le haghaidh eisceachtaí). 
  • Féadfaidh sé go ndéanfar teagmháil le hiarrthóirí trí ríomhphost chun eolas breise nó doiciméid bhreise a iarraidh orthu a bhaineann le dioplóma ar leith nó taithí oibre ar leith, más gá.

Déan a chinntiú go soláthraíonn tú na doiciméid go léir atá i do sheilbh agat agus go bhfuil tú i dteideal iad a chomhroinnt. Déileálfar le do chuid doiciméad i gcomhréir lenár ráiteas príobháideachais.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach an fógra comórtais, go háirithe an rannán ‘Doiciméid tacaíochta’ agus an rannán Ceisteanna Coitianta faoi Incháilitheacht.

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh

Iarrthóirí i bpróisis roghnúcháin le haghaidh baill foirne ar conradh, ní féidir leo doiciméid tacaíochta a uaslódáil lena n-iarrata(i)s ina gcuntas EPSO. 

Iarrfar na doiciméid tacaíochta orthu ag céim na dtrialacha earcaíochta agus/nó sula n-earcóidh na seirbhísí earcaíochta iad.

Ní mór d’iarrthóirí a bheith in ann doiciméid a sholáthar a thacaíonn leis an eolas a dhearbhaigh siad ina bhfoirm iarratais (cáilíochtaí, taithí ghairmiúil, etc.). Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl do na hiarrthóirí cé na doiciméid nach mór a chur ar fáil (cóipeanna nó bundoiciméid) agus cén uair nach mór iad a chur ar fáil.

Ní féidir le EPSO eolas a thabhairt faoi na rialacha sonracha a chuireann seirbhísí earcaíochta ar leith i bhfeidhm. Cuirtear an t-eolas thíos ar fáil chun críoch léiriúcháin amháin.

1. Céannacht: Ní mór duit cóip de do chárta aitheantais bailí nó de do phas bailí a chur ar fáil.

2. Oideachas agus cáilíochtaí - Ní mór duit an méid seo a leanas a chur ar fáil:

  • Cóipeanna de dhioplómaí agus/nó de theastais oiliúna lena gcruthaítear cáilíochtaí oideachais 
  • I gcás dioplómaí nó teastais a eisíodh lasmuigh den Aontas Eorpach: ráiteas comhionannais arna eisiúint ag údarás inniúil de chuid Ballstáit den Aontas

3. Taithí ghairmiúil

I gcás gach tréimhse taithí gairmiúla, ní mór na bundoiciméid seo a leanas, nó cóipeanna deimhnithe díobh, a bheith ag gabháil leo chun tacú leo:

3.1: I gcás obair thuarastail: 

 - Doiciméid ón bhfostóir reatha agus ó iarfhostóir(í) ina sonraítear cineál agus leibhéal na ndualgas a rinneadh, cuir i gcás litreacha ón oifigeach uachtarach, tuarascálacha meastóireachta ina ndéantar cur síos ar do chúraimí, do shainchuntais post a chuir d’fhostóir ar fáil, conarthaí ina bhfuil cuntas mionsonraithe ar na dualgais a dhéantar. 

                 - Conradh/conarthaí fostaíochta lena ngabhann dáta tosaigh agus dáta deiridh, nó an chéad duillín pá agus an duillín pá deiridh.

Ní mór gach doiciméad a bheith dátaithe agus d’ainm, ceanntásc oifigiúil agus stampa oifigiúil na cuideachta a bheith air, chomh maith le hainm agus síniú an duine atá i gceannas.

3.2: I gcás daoine féinfhostaithe / saorghairmeacha: 

  • Sonraisc, conarthaí, foirmeacha ordaithe  
  • Comhfhreagras ríomhphoist
  • Miontuairiscí cruinnithe
  • Doiciméid chánach
  • Cruthúnas ar bhallraíocht i gcomhlachas gairmiúil

3.3: I gcás saoraistritheoirí: Doiciméid lena bhfianaítear na tréimhsí a d’oibrigh an t-iarrthóir agus an líon leathanach a d’aistrigh sé

3.4: I gcás saor-ateangairí: Doiciméid lena bhfianaítear an líon laethanta a d’oibrigh an t-iarrthóir agus na teangacha a ndearna sé ateangaireacht eatarthu sa dá threo.

Ní mór do chonraitheoir seachtrach tríú páirtí do ríomhaire a rialú agus tú ag déanamh na dtrialacha ar líne. I measc nithe eile, cuireann sé sin cosc ar iarrthóirí brabhsáil ar an idirlíon nó feidhmchláir eile a úsáid atá lasmuigh de raon na dtrialacha.

Chun go mbeifí in ann trialacha roghnúcháin ar líne a dhéanamh ar ríomhaire corparáideach – ina measc sin na ríomhairí a chuirtear ar fáil do bhaill foirne chliaint institiúideacha EPSO (e.g. an Coimisiún Eorpach, Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus institiúidí eile) – bheadh ar riarthóir údaraithe an iliomad rialuithe slándála a dhíchumasú, a mhaolú nó a athrú.

Ní mór do pháirtithe leasmhara corparáideacha a chinntiú go n-íoslaghdaítear rioscaí dá dtimpeallacht dhigiteach, agus is é sin an fáth nach féidir le hiarrthóirí a ríomhaire corparáideach a úsáid de ghnáth le haghaidh trialacha ar a ndéantar feitheoireacht chianda.

Is féidir le hiarrthóirí an fhoirm iarratais a líonadh isteach in aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.

Mar riail ghinearálta, ní mór d’iarrthóirí na cáilíochtaí íosta iontrála atá sonraithe san fhógra comórtais nó sa ghlao ar léiriú spéise a bheith bainte amach acu faoin sprioc-am le hiarratas a dhéanamh. Ní chuirfear san áireamh cáilíochtaí a ghnóthófar tar éis an dáta sin.

Mar eisceacht, áfach, i gcás chomórtas EPSO/AD/427/26 (Riarthóirí Céimithe – AD 5), ní mór d’iarrthóirí leibhéal oideachais a bheith acu is comhionann le cúrsa iomlán ollscoile a mhair 3 bliana ar a laghad, ar baineadh dioplóma amach dá bharr, agus ní mór cinneadh a bheith déanta i leith bhronnadh an dioplóma sin tráth nach déanaí ná an 30 Meán Fómhair 2026, gan beann ar an sprioc-am le haghaidh iarratas. Féach Iarscríbhinn III den fhógra comórtais mar a bhfuil samplaí le fáil de na cáilíochtaí íosta.

Ní féidir le hiarrthóirí a chláraíonn leis na próisis roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh doiciméad/doiciméid tacaíochta a nascadh lena n-iarratas. 

Cuirfidh na seirbhísí earcaíochta in iúl do na hiarrthóirí cathain is ceart doiciméid a chur isteach a thacaíonn leis na dearbhuithe a rinne siad ina bhfoirm iarratais. 

Is iad na seirbhísí earcaíochta a chinnfidh cé na doiciméid atá inghlactha.

Tá na dálaí oibre do bhaill foirne an Aontais leagtha amach i Rialacháin Foirne an Aontais Eorpaigh.

D’fhéadfadh dálaí oibre éagsúla a bheith ann ag brath ar an institiúid nó ar an gcomhlacht den Aontas atá i gceist. Moltar d’iarrthóirí teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí ábhartha Acmhainní Daonna chun rialacha sonracha nó eolas breise a fháil.

Féach Leibhéil tuarastail agus dul chun cinn (nuashonraithe an 11.4.2025) chun tuilleadh eolais a fháil faoi thuarastail.

Is féidir leat oiriúnuithe speisialta a iarraidh le haghaidh na dtrialacha roghnúcháin do bhaill foirne ar conradh (CAST P) ach tic a chur sa bhosca ‘Riachtanais speisialta’ san fhoirm iarratais. Iarrfar ort freisin foirm eolais a líonadh isteach maidir le do riachtanais speisialta agus doiciméid tacaíochta ábhartha a chur ar fáil.

Má thugtar socruithe réasúnta duit le haghaidh na dtrialacha a eagraíonn EPSO, cuirfear na sonraí sin in iúl duit roimh dháta na trialach. Uaireanta, má shocraítear na hoiriúnaithe sin d’fhéadfadh sé go gcuirfí moill ar do thriail go dtí an chéad tréimhse eile, agus cuirfear an méid sin in iúl duit dá réir. Cinntíonn EPSO go dtabharfar cuireadh do na hiarrthóirí uile atá réamhroghnaithe (atá ar ghearrliosta) agus go gcuirfear trialacha orthu faoi na dálaí is fearr is féidir.

Tabhair faoi deara: Is iad na seirbhísí earcaíochta a eagraíonn na trialacha earcaíochta. Má tá oiriúnaithe de dhíth ort le haghaidh na dtrialacha, déan teagmháil leis an earcaitheoir nuair a gheobhaidh tú cuireadh chun trialach. Ní thabharfaidh EPSO aon eolas faoi do riocht sláinte ná faoi do riachtanais do na hearcaitheoirí.

 

 

 

Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana:

Féadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná comórtas oscailte amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na coinníollacha incháilitheachta atá leagtha amach san fhógra comórtais lena mbaineann.

Mar sin féin, ní féidir níos mó ná iarratas amháin a chur isteach ar an gcomórtas céanna, mura sonraítear a mhalairt go sainráite san fhógra comórtais.

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:

Féadfaidh iarrthóirí iarratas a dhéanamh ar níos mó ná próifíl amháin nó níos mó ná grúpa feidhme amháin, ar choinníoll go gcomhlíonann siad na ceanglais incháilitheachta atá leagtha amach sa ghlao ar léiriú spéise lena mbaineann.

Mar sin féin, ní cheadaítear ach aon iarratas amháin in aghaidh na próifíle. Mar shampla, ní féidir le hiarrthóirí níos mó ná iarratas amháin a chruthú don phróifíl ‘aistritheoirí’, ina measc sin iarratais a bhfuil sprioctheangacha éagsúla ag gabháil leo. 

Is féidir leat do theangacha ar fad a lua faoi ‘Scileanna teanga’ san fhoirm iarratais má tá eolas agat ar níos mó ná dhá theanga oifigiúla. Fágfaidh sé sin go mbeidh na seirbhísí earcaíochta in ann teacht ar d’iarratas de réir a riachtanas teanga sonrach féin.

Ní dhéanfar measúnú i dtrialacha EPSO ach ar do chuid eolais ar theanga 1 (T1), agus is féidir aon cheann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh a roghnú mar theanga 1. Déanfar sin a thástáil trí na trialacha réasúnaíochta briathartha, uimhriúla agus teibí i bhfoirm ceisteanna ilrogha. Ní mór eolas a bheith agat ar T1 ar leibhéal C1 ar a laghad (úsáideoir cumasach).

Déanfaidh na seirbhísí earcaíochta do chuid eolais ar theanga 2 (T2) a thástáil (ar teanga í atá le roghnú as measc Béarla, Fraincise agus Gearmáinise ach nach ionann í agus T1). Ní mór eolas ar leibhéal B2 ar a laghad (úsáideoir neamhspleách) a bheith agat ar T2.

Tá tuilleadh eolais faoi na trialacha thuas foilsithe ar leathanach thrialacha EPSO.

Féadfaidh na seirbhísí earcaíochta trialacha breise teanga a eagrú.