Skip to main content

FAQs

Below you can find the answer to your question.
If you are searching in your language and you are not getting any results, please try in English. The content may not yet be translated.

Níl. Go ginearálta níl aon teorainn aoise ann chun cur isteach ar phost. 

Mar sin féin, cuirtear oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh ar scor go huathoibríoch nuair a shlánaíonn siad 66 bliana d’aois. Tá tuilleadh eolais le fáil i Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais.

An cúram ginearálta atá ar Riarthóirí (AD) ná cuidiú le cinnteoirí misean a n-institiúide nó a gcomhlachta a chomhlíonadh. Oibríonn siad de ghnáth i réimsí amhail ceapadh beartais, cur chun feidhme oibríochtúil, comhordú agus bainistiú acmhainní agus clár.

D’fhéadfadh cúraimí éagsúla a bheith orthu ag brath ar an institiúid agus ar an bpost sonrach, agus déantar cur síos mionsonraithe orthu i gcónaí san fhógra comórtais nó san fhógra folúntais.

Cumhdaítear Riarthóirí sna gráid ó AD 5 go AD 16, lena léirítear leibhéil éagsúla freagrachta agus sinsearachta:

  • AD 5: an leibhéal iontrála do chéimithe ollscoile, nach dteastaíonn aon taithí ghairmiúil ina leith go ginearálta 
  • AD 6 – AD 7: róil speisialtóireachta a dteastaíonn roinnt blianta de thaithí ghairmiúil ábhartha ina leith 
  • AD 9 – AD 12: poist mheánbhainistíochta a dteastaíonn taithí bhainistíochta chruthaithe ina leith 
  • AD 13 – AD 16: róil ardbhainistíochta lena bhfuil freagrachtaí ardleibhéil straitéiseacha agus ceannaireachta i gceist

Tá bord roghnúcháin dá chuid féin ag gach próiseas roghnúcháin (comórtas) d’oifigigh bhuana an Aontais. Oifigigh ó institiúidí agus ó chomhlachtaí an Aontais Eorpaigh a ndéanann EPSO fónamh dóibh atá ar gach bord roghnúcháin. Tagann oifigigh isteach sa bhord roghnúcháin ar bhonn deonach, tar éis glao tiomnaithe ar léiriú spéise. Ainmníonn a n-eagraíocht tionscnaimh comhaltaí an bhoird roghnúcháin go foirmiúil. Ní mór dóibh gan aon choinbhleacht leasa a bheith acu maidir lena gcomórtas chun go ndeimhneofar gur comhaltaí den bhord roghnúcháin iad.

Oifigigh de chuid an Aontais is ea comhaltaí an bhoird roghnúcháin a gceapann a n-eagraíocht tionscnaimh é chuig comórtas ar leith as an saineolas teicniúil nó teanga atá acu, mar shampla.

Cuirtear oiliúint ar chomhaltaí ainmnithe an bhoird roghnúcháin maidir le modheolaíochtaí roghnúcháin agus measúnaithe sula dtéann siad i mbun a ndualgas agus leanann siad de bheith ag fáil oiliúint agus treoir shonrach ó fhoireann síceolaithe EPSO le linn chéimeanna éagsúla a gcomórtais.

Is iad na boird roghnúcháin a chinneann deacracht na dtrialacha comórtais agus a fhaomhann a n-ábhar. Is iad a mheasann cé acu a chomhlíonann nó nach na gcomhlíonann na hiarrthóirí na critéir incháilitheachta shonracha, is iad a chuireann buanna na n-iarrthóirí i gcomparáid le chéile, agus is iad a roghnaíonn na hiarrthóirí is fearr i bhfianaise na gceanglas atá leagtha amach san fhógra comórtais. Tá imeachtaí na mbord roghnúcháin faoi rún agus éascaíonn EPSO a gcuid oibre.

Bunachar sonraí is ea an ‘painéal’ ina bhfuil eolas faoi phróifíl, inniúlachtaí agus infhaighteacht na n-iarrthóirí ar fad ar éirigh leo i bpróiseas roghnúcháin ar leith. 

Má chuirtear d’ainm le painéal, ní hionann sin agus a rá go bhfaighidh tú post, ach ar an meán faigheann 50% d’iarrthóirí ar éirigh leo i bpróiseas roghnúcháin post faoi cheann 7 mí. 

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach freisin: Cad é tréimhse bailíochta an phainéil?

Is trí chomórtais oscailte a eagrú a roghnaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh iarrthóirí ar chonarthaí buana. Fógraítear gach ceann de na comórtais sin trí fhógra comórtais a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, agus ar shuíomh gréasáin EPSO. San fhógra comórtais, tá cur síos iomlán ar an bpróifíl atá á lorg, ar na bunriachtanais oideachais, (agus in amanna an taithí oibre) agus tá léiriú ann ar na trialacha agus ar na cleachtaí measúnaithe (atá ceaptha chun d’inniúlachtaí gairmiúla agus príomhinniúlachtaí áirithe a mheas) a bheidh ar siúl le linn an chomórtais. Tá eolas agus treoracha san fhógra comórtais freisin faoi conas iarratas a dhéanamh ar an gcomórtas oscailte. De ghnáth, foilsítear an fógra comórtais ar an gcéad lá den tréimhse iarratais.

I ngeall ar an líon mór iarrthóirí a chuireann isteach ar na comórtais, measann EPSO gurb é sin an dóigh is cothroime agus is trédhearcaí dá bhfuil ann le hiarrthóirí a roghnú. Ní chuirfear iarratais gan choinne san áireamh mar sin.

Is trí chomórtais oscailte a roghnaíonn institiúidí an Aontais Eorpaigh iarrthóirí do bhuanchonarthaí. Bíonn tástálacha agus cleachtaí measúnaithe ann atá ceaptha do scileanna gairmiúla agus príomhinniúlachtaí ar leith a thomhas. I ngeall ar an líon mór iarrthóirí a chláraíonn do na comórtais, is é seo an próiséas roghnúcháin is cothroime agus is trédhearcaí dá bhfuil ann. Ní ghlactar le hiarratais spontáineacha, dá bhrí sin.

Is iondúil go mbíonn cúntóirí (AST) ag obair i róil tacaíochta riaracháin, teicniúla nó feidhmiúcháin laistigh de na hinstitiúidí den Aontas. D’fhéadfadh réimsí den sórt seo a leanas a bheith i gceist lena gcuid oibre: bainistiú airgeadais agus buiséid, acmhainní daonna, cumarsáid, tacaíocht bheartais, TF, bainistiú doiciméad, taighde, nó obair eolaíoch agus saotharlainne. Tá ról tábhachtach acu ó thaobh fheidhmiú inmheánach na n-institiúidí de.

Ó ghrád AST 1 go grád AST 11, sin iad na gráid ina gcuimsítear na Cúntóirí agus ina léirítear leibhéil éagsúla freagrachta agus taithí:

  • AST 1: leibhéal iontrála, ina bhfuil meánoideachas agus taithí oibre ábhartha ar a laghad, nó gairmcháilíocht ábhartha, de dhíth ina leith 
  • AST 3: is iondúil go mbíonn meánoideachas, gairmcháilíocht ábhartha, agus/nó roinnt blianta de thaithí oibre ábhartha de dhíth ina leith 
  • Bíonn níos mó freagrachta agus taithí de réir a chéile ag teastáil i leith ghráid AST níos airde

Eagraíonn EPSO próisis roghnúcháin go príomha do na hinstitiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais seo a leanas:

  • Parlaimint na hEorpa 
  • Comhairle an Aontais Eorpaigh 
  • An Coimisiún Eorpach 
  • Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh 
  • Cúirt Iniúchóirí na hEorpa 
  • An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí 
  • Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 
  • Coiste Eorpach na Réigiún 
  • An tOmbudsman Eorpach 
  • An Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí 

Eagraíonn EPSO próisis roghnúcháin, arna iarraidh sin, do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais freisin, amhail Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, an Bord Réitigh Aonair, an Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Taighde, chomh maith le Toscaireachtaí an Aontais ar fud an domhain agus ionadaíochtaí an Aontais sna Ballstáit.

Má éiríonn próiseas roghnúcháin leat, is féidir go n-earcófar thú in áiteanna éagsúla, sa Bhruiséil agus i Lucsamburg den chuid is mó. Féach an fógra comórtais nó an glao ar léiriú spéise chun tuilleadh eolais a fháil.

Comórtais oscailte do bhaill foirne bhuana:

A luaithe a bheidh painéal curtha ar bun, is iad na hinstitiúidí den Aontas a bhainistíonn a n-earcaíocht féin bunaithe ar a riachtanais foirne.

Nuair a thagann folúntais chun cinn, déanfaidh na hinstitiúidí an méid seo a leanas:

  • féachaint ar an bpainéal chun na hiarrthóirí is fearr a oireann do dhualgais an phoist a shainaithint; 
  • cuireadh chun agallaimh a thabhairt d’iarrthóirí atá ar an ngearrliosta (d’fhéadfadh níos mó ná institiúid amháin teagmháil a dhéanamh le hiarrthóirí); 
  • tairiscintí poist a thabhairt d’iarrthóirí ar éirigh leo. 

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh sé go bhfoilseofaí folúntais go díreach i gcuntas an iarrthóra freisin. Ansin is féidir le hiarrthóirí atá ar an bpainéal ábhartha iarratas a dhéanamh go díreach trína gcuntas.

Ní hionann d’ainm a bheith ar phainéal agus a dheimhniú go n-earcófar thú.
 

Próisis roghnúcháin na mball foirne ar conradh:

Na hiarrthóirí a n-éireoidh leo sna trialacha EPSO, féadfaidh an institiúid earcaíochta cuireadh chun agallaimh a thabhairt dóibh.

Is féidir post baill foirne ar conradh a thairiscint ansin d’iarrthóirí a n-éireoidh leo.

Tabhair faoi deara:

  • d’fhéadfadh an próiseas earcaíochta a bheith beagán éagsúil ó institiúid go hinstitiúid, ag brath ar a riachtanais; 
  • tá gach institiúid freagrach as agallaimh a dhéanamh agus as cinntí deiridh earcaíochta a dhéanamh.

I dtús báire, déan a chinntiú go bhfuil tú ag úsáid na sonraí cearta chun logáil isteach (féach ‘An bhfuil d’ainm úsáideora/logáil isteach dearmadta agat? / An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’).

Tabhair do d’aire nach ceadmhach ach aon chuntas EPSO amháin a bheith agat. D’fhéadfaí duine a eisiamh ón bpróiseas roghnúcháin de dheasca níos mó ná cuntas amháin a bheith aige.

I gcásanna áirithe, féadfar cuntais a scriosadh i gcomhréir le rialacha EPSO maidir le cosaint sonraí, sna cásanna seo a leanas mar shampla:

  • mura bhfuil aon iarratas curtha isteach agus má cruthaíodh an cuntas níos mó ná bliain ó shin; 
  • má tá gach próiseas roghnúcháin ina raibh tú páirteach curtha i gcrích le níos mó ná bliain anuas; 
  • má earcaíodh thú ó phainéal níos mó ná bliain ó shin; sin nó 
  • má tá an painéal ar a raibh tú curtha i gcrích. 

Mura bhfuil tú cinnte an bhfuil cuntas agat cheana féin, úsáid an fheidhm ‘An bhfuil d’ainm úsáideora/logáil isteach dearmadta agat?’ le gach seoladh ríomhphoist a d’fhéadfadh a bheith úsáidte agat roimhe seo. Is féidir leat an fheidhm ‘An bhfuil do phasfhocal dearmadta agat?’ a úsáid ansin chun rochtain a fháil arís.

Mura bhfuil rochtain agat fós ar do chuntas nó mura bhfuil rochtain agat a thuilleadh ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha leis, déan teagmháil le foireann tacaíochta EPSO láithreach. 

  • Má tá rochtain agat fós ar an seoladh ríomhphoist atá nasctha le do chuntas, is féidir leat féin é a athrú faoi ‘Sonraí pearsanta’ – ‘Cuir mo shonraí pearsanta in eagar’. 
  • Mura bhfuil rochtain agat ar an seoladh ríomhphoist sin a thuilleadh, déan teagmháil le foireann tacaíochta EPSO agus tabhair cóip de do chárta aitheantais nó de do phas a léiríonn do dháta breithe, ionas gur féidir do chéannacht a fhíorú agus do sheoladh ríomhphoist a nuashonrú.