Na príomhdhualgais
I do cháil mar dhlítheangeolaí ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, beidh ort téacsanna dlí casta (cinntí de chuid na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta, Tuairimí na nAbhcóidí Ginearálta, pléadálacha i scríbhinn ó na páirtithe, etc.) a aistriú go teanga an chomórtais ó dhá cheann eile ar a laghad de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh (ní mór Fraincis a bheith ar cheann acu don chomórtas seo). Beidh ort a bheith in ann athbhreithniú a dhéanamh ar na haistriúcháin sin agus anailís dhlíthiúil a chur ar fáil i gcomhar leis na Clárlanna agus leis na ranna eile de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Úsáideann dlítheangeolaithe na huirlisí caighdeánacha TF agus oifige chun a gcuid oibre a dhéanamh.